Tá eolas le fáil sna cáipéisí thíos ar sheasamh Ghluaiseacht an Phobail i leith an dréacht-bhunreachta don Aontas Eorpach ar dhiúltaigh na vótóirí dó, ach atá leagtha os ár gcomhair arís faoi bhréagriocht 'Chonradh Liospóin':


Ní léiríonn toradh an reifrinn tacaíocht do Chonradh Liospóin


Roinnt de na postaeir a gheall go mbeadh obair, postanna, sábháilteacht agus téarnamh ann dá nglacfaí le Conradh Liopóin.

Ina ráiteas ar thoradh an dara reifreann ar Chonradh Liospóin, d'áitigh Gluaiseacht an Phobail nár léirigh 'Tá' an phobail 'tacaíocht do Chonradh Liospóin ná don Eoraip nua a chuirfidh sé ar bun, ach don téarnamh eacnamaíoch, don fhostaíocht, agus don tsocracht'.

Dar leis an nGluaiseacht, is léir ó thoradh an reifrinn go bhfuil gá le 'fórsaí nua polaitiúla nach bhfuil smál na caimiléireachta, na sainte, ná idé-eolaíocht na cumhachta-ar-son-na-cumhachta orthu'. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.


Imeaglú na vótóirí ba chúis leis an 'Tá' - CAUEC

Tá an Campaign against the EU Constitution (CAEUC), feachtas a bhfuil baint ag Guaiseacht an Phobail leis, tar éis ráiteas a eisiúint i dtaobh thoradh an dara reifreann ar Chonradh Liospóin.

Sa ráiteas uaidh, d'áitigh CAUEC gur úsáideadh 'modhanna frithdhaonlathacha' chun an toradh a bhaint amach agus go gcuirfeadh an Conradh dlús le ciorruithe sa chaiteachas poiblí agus go dtreiseodh sé leis an gcúlú eacnamaíoch. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.



Gluaiseacht an Phobail i lár an aonaigh


Baill de Ghluaiseacht an Phobail lasmuigh d'Ard-Oifig an Phoist i lár Bhaile Átha Cliath.

Thóg baill de Ghluaiseacht an Phobail na sráideanna orthu féin le míniú go mbeadh ciorrú sa chóras sláinte, cúngú ar chearta na n-oibrithe, agus aistriú cumhachta chun na Bruiséile mar thoradh ar Chonradh Liospóin.



Diúltaíonn na mná - in athuair

Sa preasagallamh deireanach a bhí acu i mBaile Átha Cliath, Dé Céadaoin an 30 Meán Fómhair, d'eisigh an grúpa 'Women Say No to Lisbon' preasráiteas a d'áitigh go bhfuil Conradh Liospóin 'as dáta agus as alt. Is mithid treo eile a ghabháil. Is mithid Níl a rá - in athuair'. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.



Litir oscailte chuig an Coimisiún Reifrinn

I litir oscailte a cuireadh chuig cathaoirleach an Choimisiúin Reifrinn, scríobh an tOllamh John Maguire an méid seo a leanas: 'Táthar tar éis institiúid a bunaíodh chun cuidiú le machnamh an phobail trí réimse tuairimí a chur faoina mbráid a athrú ó bhonn chun tuairimí a mheá agus a bhréagnú, nó a chur i leataobh má shíltear iad a bheith neamhábhartha nó neamhbhailí'. Léigh an litir ina hiomláine anseo.



Dlíodóirí i gcoinne Chonradh Liospóin

'Níil sa tuairim go bhfuil comhlachtaí trasnáisiúnta ag iarraidh ár mBunreacht a athrú ar chúis dhaonnachtúil éigin a bhaineann le cruthú postanna ach seafóid ghlan' - b'shin adúirt Joe Noonan, aturnae, ag labhairt dó ag preasagallamh i mBaile Átha Cliath a d'eagraigh dlíodóirí atá i gcoinne Chonradh Liospóin. Tá preasráiteas le fáil anseo agus tá tuairisc le Joe Noonan ar an leasú Bunreachta le léamh anseo.


Conradh Liospóin agus an geilleagar

Pléitear an bhaint atá idir an ghéarchéim eacnamaíoch agus Conradh Liospóin i bpáipéar nua atá eisithe ag Gluaiseacht an Phobail - conradh is ea é a bhuanódh na polasaithe eacnamaíocha, airgeadais agus airgeadaíochta gan tairbhe ba chúis leis an ngéarchéim.

Tá cóiip den pháipéar le fáil anseo.


Athscrúdú ar na 'barántais' mar dhea

Déantar scagadh ar na 'barántais' dlí a fuair an rialtas, más fíor, i dtuairisc nua a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail agus is í breith na tuairisce nár deineadh an t-athrú is lú ar Chonradh Liospóin; léigh an tuairisc anseo.

Cuireadh bileog amach ar an ábhar céanna agus atá teacht uirthi anseo.


Impleachtaí na breithe úd in Karlsruhe

Tá cáipéis nua curtha amach ag Gluaiseacht an Phobail ina bpléitear na himpleachtaí a bhaineann leis an mbreith a thug cúirt bunreachta na Gearmáine, an 30 Meitheamh, nach féidir Conradh Liospóin a dhaingniú go dtí go mbeidh socraithe nua curtha i bhfeidhm a ligfidh do pharlaimint na tíre súil níos géire a choinneáil ar reachtaíocht an AE. Tá an cháipéis le léamh anseo.


Tacaíonn Gearmáinigh le 'Níl' na hÉireann

Vóta i gcoinne Chonradh Liospóin a theastaíonn ó urlabhraí Eorpach Die Linke, an ceathrú páirtí is mó sa Bundestag. Agus é ag tagairt don bhreith a thug Cúirt Bunreachta na Gearmáine ar an gConradh le déanaí agus don reifreann a bheidh ar siúl abhus ar an 2 Deireadh Fómhair, dúirt Diether Dehm: 'in Karlsruhe a bhí an tórramh, i mBaile Átha Cliath a bheas an t-adhlacadh'. Tá an ráiteas iomlán le léamh anseo.

Gheofar preasráiteas ó Chúirt Bunreachta na Gearmáine anseo agus leagan Béarla den bhreith a tugadh ar Chonradh Liospóin anseo.


Tacaíocht ó na Lochlannaigh

D'eisigh gluaiseachtaí phobail na gcríocha Lochlannacha (an Fhionlainn, an Danmhairg, an tSualainn, an Íoslainn agus an Iorua) ráiteas ina dtacaíonn siad le muintir na hÉireann agus an dara reifreann faoi Chonradh Liospóin ag druidim linn. Tá ráiteas na Lochlannach le léamh anseo.


Conradh Liospóin agus tionscal na hiascaireachta

Tá rabhadh tugtha ag Gluaiseacht an Phobail faoin dochar a dhéanfadh Conradh Liospóin do thionscal na hiascaireachta in Éirinn. Féach an ráiteas ón nGluaiseacht anseo.


Bhainfeadh Conradh Liospóin an bonn ón gcóras sláinte

Chuirfeadh Conradh Liospóin córais sláinte bhallstáit an AE faoi smacht rialacha an mhargaidh, rud a chealódh an prionsabal gur chóir go mbeadh an teacht céanna ag gach duine ar chúram sláinte. Tá alt ar an gceist seo le léamh anseo.


Daonlathas 2.0?

Tá alt ina bpléann Jan Van De Ven na himpleachtaí a bheadh ag reifreann eile ar Chonradh Liospóin do thodhchaí an daonlathais in Éirinn le léamh anseo.


Cúnant curtha ar bun

Chuir Gluaiseacht an Phobail Cúnant idir Ionadaithe Tofa Poiblí na hÉireann agus Pobal na hÉireann. ar bun an 24 Meán Fóomhair. Áitíonn téacs an Chúnaint go gcreideann lucht a shínithe 'gur léiríodh toil dhaonlathach phobal an stáit seo nuair a diúltaíodh do Chonradh Liospóin, an 12 Meitheamh, agus go gcaithfear glacadh léi gan chúinse'. In éineacht leis na hionadaithe poiblí atá ann faoi láthair, iarrfar ar iarrthóirí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh seo chugainn an cháipéis a shíniú.


Daonlathas an Aontais Eorpaigh á scagadh

Rinne an tOllamh John Maguire, duine de phátrúin Ghluaiseacht an Phobail, grinnscrúdú ar chaighdeán an daonlathais san Aontas Eorpach in alt leis a foilsíodh ar an Irish Times, an 11 Meán Fómhair. Tá téacs an ailt le fáil i leagan amach PDF anseo.


Caint Joe Noonan ag Scoil Samhraidh Humbert

Léigh Joe Noonan, aturnae ó chathair Chorcaí agus duine de phátrúin Ghluaiseacht an Phobail, páipéar dar teideal 'An saol tar éis Liospóin: flaitheas agus ceartas' ag Scoil Samhraidh Humbert, an 23 Lúnasa 2008. Tá cóip den pháipéar le fáil anseo i leagan amach PDF.


Ráitis ón Danmhairg agus ón tSualainn

Tar éis do phobal na hÉireann diúltú do Chonradh Liospóin, chuir Gluaiseachtaí an Phobail sa Danmhairg agus sa tSualainn na ráitis thíos chugainn.


Ráiteas ó Ghluaiseacht an phobail sa Danmhairg.


Ráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail sa tSualainn.


Deireadh leis an vóta crosta i gcúrsaí talmhaíochta

Tá alt scríofa ag Barry Finnegan, ball den Fheachtas i gCoinne Bhunreacht an AE (CAEUC), a mhíníonn conas a chaill Éire a vóta crosta sna comhaontuithe trádála idirnáisiúnta faoi earraí talmhaíochta, agus conas a chuirfeadh Conradh Liospóin deireadh leis an vóta crosta sna comhaontuithe faoi sheirbhisí poiblí. Tá an t-alt le léamh anseo agus tá achoimre ar an alt a dhréachtaigh Gluaiseacht an Phobail le fáil anseo.


Léamh dlíodóra ar Chonradh Liospóin

Tá cáipéis ghearr ar impleachtaí Chonradh Liospáin scríofa ag Joe Noonan, dlíodóir a bhí ina fhinné saineolach maidir le gnóthaí eachtracha agus polasaithe slándála sa chás bunreachtúil a thóg Raymond Crotty sa bhliain 1987, cás a chinntigh go mbeadh sé de cheart ag pobal na hÉireann a mbreith a thabhairt ar an Ionstraim Eorpach Aonair - tá an cháipéis le léamh anseo.


Paimfléad úr ar Chonradh Liospóin ó Afri

Tá an grúpa Action from Ireland (Afri) i ndiaidh paimfléad dar teideal The Lisbon Treaty, the European Military Project, and Europe's Role in the World: Implications for Irish Voters leis an Dr Andy Storey a fhoilsiú. Chun eolas breise a fháil, féach suíomh gréasáin Afri anseo.


Cuirfidh Conradh Liospóin Euratom i bhfeidhm orainn

Don chéad uair, beidh feidhm dlí agus bunreachta i mballstáit an Aontais Eorpaigh ag na forálacha i gConradh Euratom a thacaíonn le forbairt na cumhachta núicléiche, má ghlactar le Conradh Liospóin. Féach an cuntas anseo.


Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.