Sionainn agus neodracht na hÉireann

D'fhreastail Jeremy Corbyn, an feisire ar son Islington North, ar an gcomhdháil lae a d'eagraigh PANA agus an IAWM i Sionainn le déanaí, agus foilsíodh an t-alt seo leis ar an Morning Star, an 9 Meán Fómhair 2009.
Crochann arm an Aontais an bhratach
Bhí míleatú an Aontais Eorpaigh le feiceáil go soiléir nuair a crochadh an bhratach lasmuigh de Pharlaimint na hEorpa le déanaí.
Staidéar ar mhíleatú an Aontais Eorpaigh
Tá staidéar tábhachtach ar mhíleatú an Aontais Eorpaigh a scríobh Ben Hayes ón eagras Statewatch le fáil anseo.
Éilítear beartas i gcoinne Iosrael
Mar thoradh ar an sléacht a d'imir Iosrael ar na céadta sibhialtach Palaistíneach i rith an ionsaí ar Gaza le déanaí, d'éiligh Gluaiseacht an Phobail go scarfadh rialtas na hÉireann leis an tacaíocht chiúin a thugann an tAE d'Iosrael, agus go gcuirfí baghcat, dí-infheistiú agus smachtbhannaí i bhfeidhm ar an stát sin mar a rinneadh i gcás Afraic Theas na cinedheilghilte. Tá an preasráiteas le léamh anseo. [23 Eanáir 2009]
Staidéar úr ar pholasaí míleata na hÉireann
Tá Andy Storey, ball de Lárionad Léann na Forbartha i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, tar éis cáipéis a dhréachtadh dar teideal 'The future of Ireland's military policies and practices within the NATO-EU context' a chuirfear faoi bhráid fhochoiste an Oireachtais um thodhchaí na hÉireann san Aontas Eorpach.
Tá cóip den cháipéis i leagan amach PDF le fáil anseo [Mí na Samhna 2008].
Beidh na cúinsí éagsúla atá ag bagairt ar shíocháin an domhain agus ar neodracht na hÉireann faoi chaibidil ar an leathanach seo:
1. An téacs de bhileog i dtaobh dhréacht-bhunreacht an Aontais Eorpaigh a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail, an 20 Márta 2004.
2. "The Thin End of the Wedge", 31 March 2004 (i mBéarla amháin).
3. Bunreacht míleata don Eoraip?. Scrúdaítear na forálacha i ndréacht-bhunreacht an Aontais Eorpaigh a bhaineann le cúrsaí míleata sa cháipéis is déanaí a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail (leagan amach PDF, i mBéarla amháin), 20 Deireadh Fómhair 2005.
4. Grúpaí Catha an Aontais Eorpaigh. Tá ráiteas ón gComhaontas Glas ina pléitear na gnéithe is tábhachtaí den cheist seo le fáil anseo. Tabhair faoi deara go bhfuil 2.98 MB sa chomhad. [10 Iúil 2006]