NĂ­ fĂ©idir linn Ă­oc is nĂ­ Ă­ocfaimid – diĂșltaĂ­mis do na fiacha!

TĂĄ na fiacha chomh mĂłr sin nach fĂ©idir iad a ghlanadh. Meastar gur timpeall €120 billiĂșn atĂĄ orainn agus is ag mĂ©adĂș atĂĄ sĂ©. Faoin mbliain 2013 beidh orainn €8.5 billiĂșn a Ă­oc agus is ag mĂ©adĂș a bheidh sĂ©. NĂ­ feidir linn na rĂĄtaĂ­ fĂĄis a bhaint amach – rĂĄta faoi bhun 1% atĂĄ ĂĄ thuar ag an mBanc Ceannais - chun fanacht mar atĂĄimid, gan trĂĄcht in aon chor ar an ‘iasacht Ă©igeantach’ a ghlanadh. CothĂłidh na fiacha iad fĂ©in. Chun na gĂĄlaĂ­ a Ă­oc caithfimid breis airgid a fhĂĄil ar iasacht. MĂ©adĂłidh na fiacha gan stad agus beidh orainn loiceadh sa deireadh.

Ba chĂłir dĂșinn aithris a dhĂ©anamh ar David Begg Ăłn ICTU, a dĂșirt ag an agĂłid i mBÁC i mĂ­ na Samhna seo caite: ‘NĂ­ fĂ©idir linn Ă­oc is nĂ­ Ă­ocfaimid!’ Caithfimid reifreann a fhĂĄil mar gheall ar na fiacha seo a bronnadh ar an bpobal. Caithfimid loiceadh orthu 100% – mĂĄ dhiĂșltaĂ­mid do na fiacha seo nach mbaineann linn is fĂ©idir an tĂ­r a chur ar a boinn arĂ­s.

Is iad na forbrĂłirĂ­, na hamhantraithe agus na hinstitiĂșidĂ­ airgeadais a chuaigh i bhfiacha, fiacha a chuir a gcairde sa rialtas ar an bpobal i gcoitinne. NĂ­ fiacha stĂĄit iad seo: fiacha prĂ­obhĂĄideacha daoine aonair agus institiĂșidĂ­ is ea iad a ghlac an stĂĄt ar lĂĄimh. FĂĄgaimis fĂșthu Ă© na fiacha a ghlanadh mĂĄs mian leo. NĂ­ fĂ©idir linn Ă­oc is nĂ­ Ă­ocfaimid!


ClĂĄr Oibre an Phobail

  • DiĂșltĂș do na fiacha.
  • Ceannas nĂĄisiĂșnta ar acmhainnĂ­ nĂĄdĂșrtha.
  • Cur in Ă©adan pholasaithe iomaĂ­ochta/prĂ­obhĂĄidithe an AE.
  • Cosaint neodracht agus fhlaitheas na hÉireann.
  • AthghabhĂĄil cumhachta Ăłn mBruisĂ©il.

Declan Bree, Catherine Connolly, Cieran Perry agus Thomas Pringle.

Den cheathrar iarrthĂłirĂ­ san olltoghchĂĄn a thacaigh le ClĂĄr Oibre an Phobail, toghadh Thomas Pringle i nDĂșn na nGall Thiar Theas tar Ă©is dĂł 5,845 vĂłta a fhĂĄil sa chĂ©ad chomhaireamh. Fuair Catherine Connolly 4,787 vĂłta sa chĂ©ad chomhaireamh i nGaillimh Thiar agus chaill sĂ­ suĂ­ochĂĄn de cheal 17 vĂłta. Fuair Cieran Perry agus Declan Bree 1,394 agus 2,284 vĂłta i mBaile Átha Cliath LĂĄir agus i Sligeach-Liatroim Thuaidh faoi seach.


Amhras curtha i bpolaisĂ­ nua iascaireachta

D'eisigh ROSA, scĂĄtheagras iascaireachta idirnĂĄisiĂșnta, preasrĂĄiteas an 10 Nollaig a d'fhĂĄiltigh roimh admhĂĄil an ChoimisinĂ©ara Damanaki go bhfuil an mionbhainistiĂș lĂĄrnaithe Ăłn mbarr anĂ­os a dhĂ©anann an tAontas Eorpach ar an iascaireacht tar Ă©is cliseadh Ăł thaobh mharthanacht na n-iasc agus an chomhshaoil, ach cuireadh amhras sa tuairim go slĂĄnĂłdh cur chuige rĂ©igiĂșnach tionscal atĂĄ ĂĄ scriosadh go tiubh ag an gComhbheartas Iascaireachta atĂĄ ann faoi lĂĄthair.

Tå preasråiteas ROSA le léamh anseo.



Arna dhéanamh sa Bhruiséil ...

... arna phacĂĄistiĂș in Éirinn!


CĂĄ bhfuil poist LiospĂłin anois?


ParĂĄid na bpostaer ag fĂĄgĂĄil Theach Laighean.

D'eagraigh Gluaiseacht an Phobail parĂĄid postaer trĂ­ lĂĄr chathair Átha Cliath, DĂ© Sathairn an 12Ăș Meitheamh, dhĂĄ bhliain go dĂ­reach tar Ă©is an reifrinn inar dhiĂșltaigh votĂłirĂ­ na hÉireann do Chonradh LiospĂłin. Agus posteair mhĂ­mhacĂĄnta reifrinn a gheall go gcruthĂłfaĂ­ poist da nglacfaĂ­ le Conradh LiospĂłin ĂĄ n-iompar acu, dhĂ­righ baill na Gluaiseachta aird an phobail ar cheist atĂĄ ĂĄ cur ag mĂłrĂĄn daoine: 'cĂĄ bhfuil poist LiospĂłin anois?' FĂĄgadh litir inar cĂĄineadh polasaithe na bprĂ­omhphĂĄirtithe ag Teach Laighean don Chomhaontas Glas, agus ag oifigĂ­ na bpĂĄirtithe eile.


D'fhĂĄg Patricia McKenna litir ag oifig an Lucht Oibre.


BhĂ­ bruscar stairiĂșil le feiceĂĄil in Ă­oslach an Lucht Oibre.


D'fhag Mary Crotty litir ag oifig Fhine Gael.


D'fhĂĄg Kevin McCorry litir ag oifig Fhianna FĂĄil.

Tå téacs na litreach a chuireamar chuig na polaiteoirí le léamh anseo.


Agóid faoin mbuiséad - 9 Nollaig 2009


Baill den Ghluaiseacht ag déanamh agóide i gcoinne an bhuiséid.

Rinne Gluaiseacht an Phobail agĂłid os comhair Theach Laighean agus oifigĂ­ an ChoimisiĂșin Eorpaigh i mBaile Átha Cliath DĂ© CĂ©adaoin an 9 Nollaig. Ag labhairt di os comhair Theach Laighean, dĂșirt cathaoirleach na Gluaiseachta, Patricia McKenna, go raibh muintir na hÉireann 'ag Ă­oc go daor as toisc go bhfuil cumhacht cheannasach agus tionchar caillte acu ar gheilleagar a dtĂ­re fĂ©in'. TĂĄ preasrĂĄiteas a eisĂ­odh le lĂ©amh anseo.


'Is Ă© Frankfurt is bunĂșs leis sin uilig.'

'We no longer have our own money, or our own exchange rate or our own interest rate. In addition, our own Central Bank has no real independent control over banking regulation or monetary policy. That is all coming from Frankfurt.'
George Lee TD, Fine Gael, ag labhairt dĂł ag scoil samhraidh MacGill, na Gleannta, Co. DhĂșn na nGall, 21 IĂșil 2009.


Gluaiseacht an Phobail ar na srĂĄideanna in athuair

D'fhill Gluaiseacht an Phobail ar na srĂĄideanna le haghaidh lĂĄ gĂ­omhaĂ­ochta an ICTU, DĂ© hAoine an 6Ăș Samhain, agus iad ag iompar brat a raibh 'We want the Lisbon jobs NOW!' le lĂ©amh orthu.


Na Comhairleoirí Thomas Pringle (ar chlé) agus Declan Bree (ar dheis) ag an agóid i Sligeach.


Ag feitheamh le tĂșs an lĂ©irsithe i nGaillimh; tĂĄ an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig ar chlĂ©.


Baill ar an mĂłrshiĂșl i mBaile Átha Cliath.

Gheall na dreamanna go lĂ©ir, nach mĂłr, a thacaigh le Conradh LiospĂłin postanna dĂșinn mar bhreab - is mithid dĂłibh na gealltanais a chomhlĂ­onadh!


Iompar Intel 'drochbhéasach ar fad'

Dar le Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail, léiríonn na fógraí scortha a thug Intel d'oibrithe gan aon mhoill i ndiaidh an reifrinn ar Chonradh Liospóin 'drochbhéasa as cuimse i leith oibrithe in Intel a chaith vótaí go lånmhuiníneach ar son Chonradh Liospóin Dé hAoine seo caite'. Tå an råiteas iomlån le léamh anseo.


Conradh LiospĂłin agus an geilleagar

PlĂ©itear an bhaint atĂĄ idir an ghĂ©archĂ©im eacnamaĂ­och agus Conradh LiospĂłin i bpĂĄipĂ©ar nua atĂĄ eisithe ag Gluaiseacht an Phobail - conradh is ea Ă© a bhuanĂłdh na polasaithe eacnamaĂ­ocha, airgeadais agus airgeadaĂ­ochta gan tairbhe ba chĂșis leis an ngĂ©archĂ©im.

Tå cóiip den phåipéar le fåil anseo.


For sovereignty, democracy and social justice.