Cuireann Gluaiseacht an Phobail i gcoinne gach beartas chun ollstát feidearálach a dhéanamh den Aontas Eorpach agus oibríonn sí chun cumhacht na saoránach, an daonlathas, agus an chóir shóisialta a chosaint agus a leathnú in Éirinn.


Preasráiteas - 31 Eanáir 2012

D'áitigh Gluaiseacht an Phobail i bpreasráiteas go bhfuil lucht adhartha an AE fágtha gan seift ó thaobh polasaithe de agus gur cuma leo anois cad a tharlóidh don tír amach anseo.


Preasráiteas - 22 Eanáir 2012

Cháin preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail cinneadh an rialtais chun banna neamhurraithe de €1,250,000,000 a aisíoc ar a luach iomlán, cé go bhfuil an banc a d'eisigh é á leachtú.


Preasráiteas - 20 Eanáir 2012

'Is í an déine airgeadais focal faire an Aontais Eorpaigh' - féach preasráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail, an 20 Eanáir 2012.


People's News - 16 Eanáir 2012

Tá an t-eagrán is déanaí de People's News dar dáta an 16 Eanáir 2012 le fáil anois ón nasc seo (266 KB).

Tá sean-eagráin den nuachtlitir le fáil anseo.


Preasráiteas - 5 Eanáir 2012

Thug preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail le fios go gcuirfeadh an 'comhaontú fioscach' atá á mholadh go mór le cumas na n-eactrannach cur isteach a dhéanamh ar bhuiséid, ar chóras cánach agus ar chaiteachas poiblí an stáit in Éirinn.


Preasráiteas - 22 Nollaig 2011

Mhínigh preasráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail gurb ionann an iasacht ollmhór de €489 a bhronn an Banc Ceannais Eorpach ar an gcóras baincéireachta agus aistriú eile cumhachta ó cheannairí polaitiúla a toghadh go dtí baincéirí nár thogh aon duine riamh.


Preasráiteas - 15 Nollaig 2011

Mhínigh preasráiteas ó Ghluaiseacht an Phobail gur drochthuar é iompar an rialtais don tslí a gcaithfidh siad leis an daonlathas agus leis an mbunreacht sa chonradh idir-rialtasach atá le teacht.


Léirsiú faoin mBuiséad

Gluaiseacht an Phobail
Léirsiú faoin mBuiséad
Ag Dáil Éireann (Sráid Chill Dara) agus ag
oifigí Pharlaimint na hEorpa (Sráid Theach Laighean)
Dé Máirt, 6 Nollaig 2011, 1:00 p.m.


Léirigh na fógraí thuas an rún atá ag Merkel agus ag Sarkozy a gcuid banc a shábháil, is cuma cén praghas a bheidh le híoc ag muintir na hÉireann.


Cuid den slua a ghlac páirt sa léirsiú os comhair Theach Laighean.

Eisíodh preasráiteas faoin mbuiséad a d'áitigh gur mithid fáil réidh leis an euro agus éirí as airgead maith a chur amú ar chóras baincéireachta a chlis orainn.


Léacht Raymond Crotty 2011

Léacht a thug an Dr Conor McCarthy ar 'Rainseoirí agus Lucht Baincéireachta i nGeilleagar Éireannach na Linne Seo', an 15 Deireadh Fómhair 2011.


'Conradh na bhfiach'


Léargas ón nGearmáin ar an Meicníocht Eorpach um Chobhsaíocht.


Reifreann á éileamh i dtaobh bhuanchiste don euro

Tá sé bhall is fiche den Oireachtas agus ball amháin de Pharlaimint na hEorpa ag tacú le héileamh Ghluaiseacht an Phobail go mbeadh reifreann ann i dtaobh an mholta go mbunófaí ciste buan do limistéar an euro. Tá preasráiteas a d'eisigh Gluaiseacht an Phobail agus litir na bhfeisirí le léamh anseo.

D'eisigh Gluaiseacht an Phobail preasráiteas faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an gciste buan atá á mholadh do limistéar an euro. Tá sé le fáil anseo. Tá preasráiteas i nGaeilge ar an ábhar céanna le fail anseo.


Géarcheim san AE

Chualathas an chaint thíos ag comhdháil dar theideal 'Géarchéim san AE' i mBÁC, an 7-8 Deireadh Fómhair 2011:


Frank Keoghan ó Ghluaiseacht an Phobail ag caint ar an gceist 'Ar chóir d'Éirinn fanacht san euro?' Tá téacs an pháipéir le léamh anseo.


Baile Átha Cliath - 23 Meitheamh 2011


Sheol Gluaiseacht an Phobail paimfléad nua dar teideal The European Stability Mechanism and the case for an Irish Referendum.


Lucht an ardáin ag seoladh an phaimfléid. Ó chlé go deas: Thomas Pringle TD, Robert Ballagh, Patricia McKenna, Mary Crotty.


Cuid den slua a d'fhreastail ar phicéad os comhair Theach Laighean chun reifreann a éileamh ar an Meicníocht Eorpach um Chobhsaíocht.


Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.