Tá liosta d'imeachtaí na bliana 2009 anseo thíos.


Agóid faoin mbuiséad - 9 Nollaig 2009


Baill den Ghluaiseacht ag déanamh agóide i gcoinne an bhuiséid.

Rinne Gluaiseacht an Phobail agóid os comhair Theach Laighean agus oifigí an Choimisiúin Eorpaigh i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin an 9 Nollaig. Ag labhairt di os comhair Theach Laighean, dúirt cathaoirleach na Gluaiseachta, Patricia McKenna, go raibh muintir na hÉireann 'ag íoc go daor as toisc go bhfuil cumhacht cheannasach agus tionchar caillte acu ar gheilleagar a dtíre féin'. Tá preasráiteas a eisíodh le léamh anseo.


Teach Laighean - 1 Nollaig 2009


Baill de Ghluaiseacht an Phobail lasmuigh de Theach Laighean.

Bhailigh baill de Ghluaiseacht an Phobail lasmuigh de Theach Laighean, Dé Máirt an 1 Nollaig - an lá ar tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm. D'fhág Patricia McKenna agus Frank Keoghan, cathaoirleach agus rúnaí na Gluaiseachta, foirmeacha P45 ag Brian Cowen agus ag ceannairí na bpáirtithe eile mar go bhfuil an oiread sin cumhachta á aistriú chun na Bruiséile de réir a chéile nach mbeidh mórán oibre le déanamh ag baill an Oireachtais feasta.


P45 le haghaidh pholaiteoirí iomarcacha an Oireachtais.


Lá gíomhaíochta an ICTU - Dé hAoine, 6 Samhain 2009

BÁC: Cearnóg Parnell, 2:30 pm
Gaillimh: an Ardeaglais, 2:30 pm
Sligeach: The Blue Lagoon, 2:30 pm
An Tulach Mhór: Halla an Chontae, 2:30 pm


Ceatharlach

Cruinniú Poiblí
Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach, seomra A102.
Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair 2009, 1:00 p.m.
Cainteoirí: Jens Peter Bonde (iarfheisire Eorpach ón Danmhairg)
Cainteoirí eile ó PANA, ón IAWM agus ó Ghluaiseacht an Phobail.


Maigh Nuad, Co. Chill Dara

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad
Dé Céadaoin, 30 Meán Fómhair 2009, 4:00 p.m.
Cainteoirí: Micheal Quinn, Patricia McKenna.


Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Dorrian's Imperial Hotel, Béal Átha Seanaidh
Dé Luain, 28 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Frank Keoghan, Declan Bree agus Thomas Pringle.



Durlas, Co. Thiobraid Árann

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Ionad le fógairt.
Dé hAoine, 25 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoir: Patricia McKenna.


Domhnach Cearna, Baile Átha Cliath

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Ionad Pobail 'Le Chéile', Domhnach Cearna, Baile Átha Cliath
Dé hAoine, 25 Meán Fómhair 2009
Cainteoirí: Frank Keoghan, Bronwen Maher.


Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Ionad le fógairt.
Dé Céadaoin, 23 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Kevin McCorry (Gluaiseacht an Phobail), Arne Pederson (Nei til EU, an Iorua).


Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Prince of Wales Hotel, Baile Átha Luain
Dé Céadaoin, 23 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Frank Keoghan, Paul Hogan agus Mags Glennon.


Dún Garbháin, Co. Phort Láirge

Waterford Alliance for a No Vote
Cruinniú Poiblí
Lawlor's Hotel, Dún Garbháin
Dé Máirt, 22 Meán Fómhair 2009
Cainteoirí: Toiréasa Ferris (Sinn Féin), Arne Pederson (Nei til EU, an Iorua).


Cill Chainnigh

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Club House Hotel, Sráid Phádraig, Cill Chainnigh
Dé Luain, 21 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Lave Knud Broch (Gluaiseacht an Phobail sa Danmhairg), Kevin McCorry (Gluaiseacht an Phobail).


Leitir Ceanainn, Co. Dún na nGall

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Óstán Gleneany House, Leitir Ceanainn
Dé Luain, 21 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Preas agallamh ag 11:00 a.m.
Cainteoir: Patricia McKenna.


Baile na nGall, Co. Chiarraí

Gluaiseacht an Phobail
Seoladh Bileoige
Tigh Bheaglaoich, Baile na nGall, Co. Chiarraí
Déardaoin, 17 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Fáilte roimh chách.


Baile Brigín, Co. Átha Cliath

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Milestone Inn, Baile Brigín
Déardaoin, 17 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Lave Knud Broch (Gluaiseacht an Phobail sa Danmhairg), Patricia McKenna.


Ceatharlach

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Teach Dolmen, Ceatharlach
Dé Céadaoin, 16 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Lave Knud Broch (Gluaiseacht an Phobail sa Danmhairg), Kevin McCorry.


Muineachán


Robert Ballagh, Patricia McKenna agus Annraoi Blayney ag an gcruinniú i mbaile Mhuineacháin.

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Óstán an Westenra Arms, Muineachán
Dé Céadaoin, 16 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Patricia McKenna, Robert Ballagh agus Annraoi Blayney.


Sligeach

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Glasshouse Hotel, Sligeach
Dé Céadaoin, 16 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: an Comhairleoir Declan Bree, Frank Keoghan (Gluaiseacht an Phobail), Brian O'Boyle (People before Profit).


Léim an Bhradáin, Co. Átha Cliath

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Cumann Naomh Muire CLG, Léim an Bhradáin
Dé Máirt, 15 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Fógrófar na cainteoirí ar ball.


Port Láirge

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Óstán Grenville, Port Láirge
Dé Máirt, 15 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoir: Patricia McKenna.


Calafort Ros Láir, Co. Loch Garman

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Harbour View Hotel, Calafort Ros Láir
Dé Luain, 14 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Fógrófar na cainteoirí ar ball.


Learpholl, Sasana

Ceardchumann an RMT
Cruinniú ar chiumhais an TUC
'Bíodh meas ar "Níl" na hÉireann; tabhair droim láimhe do Chonradh Liospóin'
The Liverpool Bar, 14 James Street, Learpholl
Dé Luain, 14 Meán Fómhair 2009, 12:30 p.m.
Cainteoirí: Bob Crow (RMT), Jimmy Kelly (Unite), Frank Keoghan (Gluaiseacht an Phobail), Joe Higgins MEP (Páirtí Sóisialach).


Baile Átha Cliath

Scoil Samhraidh Desmond Greaves
Aoine-Domhnach, 11-13 Meán Fómhair 2009
Seisiúin:
David Begg agus Eamon Devoy - 'An rás go grinneall i gcomhthéacs an AE';
Eoin Ó Broin, Máire O'Connor agus Andy Storey - 'Clár oibre an nua-liobrálachais in Éirinn';
Ursula Barry, Evelyn Mahon agus Deirdre Uí Bhrógáin - 'Na mná agus an tAontas Eorpach';
Kieran Allen, John Foster agus Ray Kinsella - 'An Ghéarchéim idirnáisiúnta airgeadais: cad is féidir leis na rialtais a dhéanamh?'
Le haghaidh an eolais go léir féach anseo.


Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
The Cobblestone, Margadh na Feirme
Déardaoin, 10 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Fógrófar na cainteoirí ar ball.


Baile Átha Cliath


Ar an drochuair ní raibh Tony Benn ar fónamh ach thug Jeremy Corbyn, an feisire ar son Islington North, caint ar na himpleachtaí atá ag Conradh Liospóin don daonlathas.


Cuid den slua a bhí i láthair.

Gluaiseacht an Phobail
Ócáid bailithe airgid
'Oíche airneáin le Tony Benn'
Óstán Alexander, Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2
Dé Céadaoin, 9 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Béile agus fíon san áireamh.
Eolas: (087) 2308330 info@people.ie
Féach an cuireadh anseo.


Camaigh, BÁC

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
'Conradh Liospóin, an geilleagar agus na "barántais"'
Tábhairne an KCR, Bóthar Chamaí, BÁC
Dé Máirt, 8 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Patricia McKenna, Frank Keoghan
Cathaoirleach: Jan-Erik Gustafsson (Gluaiseacht an Phobail sa tSualainn)


Sionainn, Co. an Chláir

IAWM agus PANA
Comhdháil lae
'An Cogadh, NATO agus Conradh Liospóin'
Óstán an Park Inn, Sionainn
Dé Sathairn, 5 Meán Fómhair 2009
Táille cláraithe: €25 le tuarastal; €5 gan tuarastal
Seisiún 1 - An cogadh agus Sionainn: Ed Horgan, Carol Fox (cathaoirleach)
Seisiún 2 - Conradh Liospóin: Mary Lou McDonald, Joe Higgins, Patricia McKenna, Richard Boyd Barret, Michael Youlton (cathaoirleach)
Seisiún 3 - Míleatú na hEorpa agus NATO: Jeremy Corbyn, Tobias Pfluger, Christophe Ventura, Reiner Braun, Roger Cole (cathaoirleach)
Seisiún 4 - An saol úr idirnáisiúnta i ré Obama: John Feiffer, Harry Bommel, George Karabelias, Ailbhe Smyth (cathaoirleach).


An Chabrach, BÁC


Ó chlé go deas: Robert Ballagh, Cieran Perry, Frank Keoghan.

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
'Conradh Liospóin, an geilleagar agus na "barántais"'
Cumann Naomh Fionbarra CLG, An Chabrach
Déardaoin, 3 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Frank Keoghan, Robert Ballagh, an Comhairleoir Cieran Perry


Droichead Nua

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
'Conradh Liospóin, an geilleagar agus na "barántais"'
The Liffey Studio (os cionn Johnson's Bar), 1 An tSráid Mhór, Droichead Nua
Dé Céadaoin, 2 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Michael Quinn, Eugene McCartan, an Comhairleoir Kathleen Funchion


Dún Laoghaire

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
'Conradh Liospóin, an geilleagar agus na "barántais"'
Óstán Kingston, Dún Laoghaire
Dé Máirt, 1 Meán Fómhair 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Patricia McKenna, Richard Boyd Barrett Cathaoirleach: Roger Cole


Baile Átha Cliath

Gluaiseacht an Phobail/Ionad Buail Isteach
Céilí bailithe airgid
Institiúid na hÉireann, 27 Sráid an Phiarsaigh, BÁC 2
Dé Domhnaigh, 30 Lúnasa 2009, 3:00 - 8:00 p.m.
Ceol: Tom McCarthy
Beidh an céilí measctha seo ar siúl sa teach inar rugadh Pádraig Mac Piarais.
Fáilte roimh chách!


Leamhcán

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
'Conradh Liospóin, an geilleagar agus na "barántais"'
Tábhairne an Penny Hill, ionad siopadóireachta Bhaile Eoghain, Leamhcán
Dé Máirt, 25 Lúnasa 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Patricia McKenna, Peter Lacey
Cathaoirleach: Frank Keoghan


An Muileann gCearr


Cuid den lucht éisteachta ag an gcruinniú

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
'Conradh Liospóin, an geilleagar agus na "barántais"'
Óstán an Greville Arms, An Muileann gCearr
Déardaoin, 20 Lúnasa 2009, 8:00 p.m.
Cainteoirí: Patricia McKenna, Mags Glennon, Peter Lacey


Baile Átha Cliath

CAEUC
Cruinniú Poiblí
'An Conradh Céanna, an Freagra Céanna - Vótáil Níl'
Halla na Saoirse, BÁC 1
Dé Máirt, 18 Lúnasa 2009, 7:30 p.m.
Cainteoirí: Joe Higgins MEP (An Páirtí Sóisialach)
Bob Crow (Ceardchumann an RMT sa Bhreatain)
Jimmy Kelly, Rúnaí Réigiúnach, UNITE
Frank Keoghan, Gluaiseacht an Phobail
Cathaoirleach: an Comhairleoir Bríd Smith, People before Profit


Maigh Nuad

Craobh Chill Dara Thuaidh, Gluaiseacht an Phobail
Seisiún bailithe airgid
'Rock the Treaty and Give Lisbon the Blues'
Seisiún folk is blues le hEoin O'Neill agus a chairde
Dé hAoine, 8 Bealtaine, 8:30 i.n.
O'Neill's Music Lounge, an Phríomhshráid, Maigh Nuat
Ticéid á ndíol ag an doras ar €5.00.
Duais crannchuir: cóip de Mhise Éire le Robert Ballagh


Tamhlacht


Labhair Patricia McKenna agus Frank Keoghan ag an gcruinniú poiblí i dTamhlacht.

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú poiblí
'An réiteodh Liospóin fadhbanna eacnamúla na hÉireann?'
Óstán an Plaza, Tamhlacht
Dé Máirt, 5 Bealtaine, 8 i.n.
Patricia McKenna (cathaoirleach na Gluaiseachta)
Frank Keoghan (rúnaí na Gluaiseachta)

Tá póstaer faoin gcruinniú le fáil anseo.


Éire faoi chaibidil agus an AE á phlé sa Danmhairg

Bhí diúltú na hÉireann do Chonradh Liospóin faoi chaibidil ag comhdháil dar teideal 'Cá bhfuil triall an AE?' a tionóladh i bparlaimint na Danmhairge le déanaí. Cháin Robert Ballagh ó Ghluaiseacht an Phobail an drochmheas atá léirithe ag an AE agus ag rialtas na hÉireann ar thoradh an reifrinn sa tír seo.

D'áitigh mórchuid na gcainteoirí ón Danmhairg nach í Éire ach an easpa daonlathais san AE croí na faidhbe. Bhí Ditte Staun, ó Ghluaiseacht an Phobail sa Danmhairg, agus Keld Albrectsen, ó Ghluaiseacht Mhí an Mheithimh, ar aon fhocal nach ndéanfadh Conradh Liospóin leas na hEorpa.

Naisc le lucht eagair na comhdhála: an tionscnamh saoránach Nej til EU - Ja til Europa agus an meitheall smaointe NyAgenda.


Sligeach

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
'Conradh Liospóin agus an Ghéarchéim Eacnamúil'
City Hotel, Sráid na Céibhe, Sligeach
Déardaoin, 2 Aibreán, 8:30 i.n.
Cainteoirí: Patricia McKenna, Kevin McCorry, an Comhairleoir Declan Bree
Cathaoirleach: Brian Scanlon


Tacaíocht d'agóid na Comhdhála

Ar an Satharn, 21 Feabhra, ghlac baill de Ghluaiseacht an Phobail páirt san agóid ollmhór a d'eagraigh Comhdháil na gCeardchumann i gcoinne an dóigh ina bhfuil an rialtas ag plé leis an ngéarchéim eacnamaíoch. Is é polasaí an rialtais go mbeadh ar an gcosmhuintir íoc as an tubaiste eacnamaíoch a bhí mar thoradh ar an dírialú, ar an bpríobháidiú, agus ar an domhandú a chuir an rialtas chun cinn.



Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.