Gheofar cur síos ar imeachtaí a tharla roimh mhí Iúil 2009 anseo thíos.


Picéad ag cruinniú mullaigh an AE


Baill de Ghluaiseacht an Phobail sa Bhruiséil.

Ag labhairt dó ag picéad a chuir Gluaiseacht an Phobail ar oifigí Choimisiún na hEorpa agus cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh ar siúl sa Bhruiséil, an 11ú Nollaig, d'áitigh rúnaí na gluaiseachta, Frank Keoghan, gur léir go bhfuil riail amháin ann do na ballstáit is mó agus riail eile do na cinn bheaga. D'iarr sé ar phobal na hÉireann an daonlathas a chosaint ar bhulaíocht uachtaráin an AE in ainneoin an fhill a d'imir a rialtas féin orthu. Tá an preasráiteas le léamh anseo. [11 Nollaig 2008]


Frank Keoghan ag labhairt le lucht na meán sa Bhruiséil.


Léirsiú ag ambasáid na Sualainne


Ciallaíonn an fógra Sualainnise: 'Diúltaigh do Chonradh Liospóin - tabhair aitheantas do Níl na hÉireann!'

Léirsigh baill de Ghluaiseacht an Phobail lasmuigh d'ambasáid na Sualainne i mBaile Átha Cliath, an 19 Samhain, lá amháin sula vótálfadh parlaimint na Sualainne ar dhaingniú Chonradh Liospóin. Síneadh litir isteach a d'iarr go dtabharfaí aitheantas do vóta na hÉireann i gcoinne an Chonartha.


Litir á síneadh isteach ag baill de Ghluaiseacht an Phobail.


Bróg mhaide mar dhuais do Bhallagh

Tá 'Duais na Bróige Maide' bronnta ag Gluaiseacht an Phobail sa Danmhairg ar bhuaiteoir Éireannach don tríú uair.

Bhí bratach na hÉireann le feiscint go flúirseach i mbaile beag Roslev i rith thionól bliantúil Ghluaiseacht an Phobail sa Danmhairg nuair a bronnadh an duais ar Robert Ballagh, ealaíontóir agus duine de phátrúin Ghluaiseacht an Phobail in Éirinn. Bronnadh an duais ar Patricia McKenna sa bhliain 2000 tar éis di an cás a thóg sí sa Chúirt Uachtarach a bhuachaint, agus bronnadh í ar an National Platform sa bhliain 2001 nuair a dhiúltaigh Éire glacadh le Conradh Nice sa chéad reifreann ar an gceist.

San óráid a thug sé agus é ag glacadh leis an duais, dúirt Robert Ballagh: 'Tá dúshlán mór romhainn. Caithfimid an daonlathas a chosaint - ní in Éirinn amháin ach ar fud na hEorpa', ráiteas a tharraing aird ar an bhfíric nár tugadh cead don phobal in aon tír eile san Aontas Eorpach vótáil ar Chonradh Liospóin.


Agóid sa Bhruiséil

Agus t-léinte a raibh an mana 'NO MEANS NO' scríofa orthu á gcaitheamh acu, bhailigh scata de bhaill Ghluaiseacht an Phobail lasmuigh d'oifigí an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil le déanaí chun fearg agus buairt a léiriú maidir le diúltú aicme ceannais an Aontais glacadh leis an mbreith a thug muintir na hÉireann ar Chonradh Liospóin sa reifreann a bhí againn i mí an Mheithimh.


Preasagallamh iar-reifrinn


Robert Ballagh, Patricia McKenna agus Joe Noonan.

Thionóil Gluaiseacht an Phobail preasagallamh iar-reifrinn an 14 Meitheamh; ar na cainteoirí bhí Patricia McKenna (cathaoirleach na Gluaiseachta), Frank Keoghan (rúnaí), Joe Noonan agus Robert Ballagh (beirt phátrún).

Leag na cainteoirí béim ar an tábhacht a bhaineann le breith an phobail agus dúradar go bhfuil Conradh Liospóin marbh. Eisíodh preasráiteas atá le léamh anseo.


Preasagallamh deireanach an fheachtais reifrinn

Thionóil Gluaiseacht an Phobail an preasagallamh deireanach dá feachtas i gcoinne Chonradh Liospóin Dé Máirt, an 10 Meitheamh. An Teachta Dála neamhspleách Tony Gregory a bhí ina chathaoirleach air agus ghlac an Seanadóir David Norris, Finian McGrath TD, an Comhairleoir Bronwen Maher, na hiar-Theachtaí Dála Joe Higgins agus Jerry Cowley, an Comhairleoir Declan Bree, Robert Ballagh agus Patricia McKenna páirt ann. Eisíodh preasráiteas atá le léamh anseo.


Áth Cliath


Patricia McKenna, José Manuel Barroso, agus roinnt cairde leo lasmuigh d'oifig an AE i mBÁC, an 8 Meitheamh 2008.

Feachtas Reifrinn na hEorpa
Léirsiú
Dé hAoine, 6 Meitheamh 2008, 12:30 i.n.
Oifig Pharlaimint na hEorpa, Sráid Dásain, BÁC 2
Léirsiú thar ceann an 486 milliún daoine san Aontas Eorpach nár tugadh an ceart dóibh vótáil ar Chonradh Liospóin. Chun eolas breise a fháil, féach an preasráiteas anseo.


Áth Cliath

Feachtas Reifrinn na hEorpa
Preasagallamh
Dé hAoine, 30 Bealtaine, 11:30 r.n.
Óstán Buswell, Sráid Theach Laighean, BÁC 2
Fógrófar go mbeidh léirsithe ar siúl lasmuigh d'ambasáidí Éireannacha ar fud na hEorpa ag an deireadh seachtaine.
Féach na sonraí anseo.


Áth Cliath

Gluaiseacht an Phobail
Preasagallamh
Déardaoin, 29 Bealtaine, 11:30 r.n.
Óstán Buswell, Sráid Theach Laighean, BÁC 2
Cuirfidh Gluaiseacht an Phobail tús le hiarracht chun cothroime agus daonlathas a chinntiú sa bhfeachtas reifrinn.
Cainteoirí:
Patricia McKenna, iar-fheisire Eorpach de chuid na nGlasach
An Bardasach Declan Bree, leasmhéara Shligigh
An t-iarCheannfort Edward Horgan, breathnadóir toghcháin idirnáisiúnta


An Nás

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
'Conradh Liospóin'
Lawlor's Hotel, An Nás
Dé Máirt, 29 Aibreán, 8 i.n.
Patricia McKenna (Gluaiseacht an Phobail)
Mick O'Reilly (Ionad Faisnéise na gCearchumann ar Chonradh Liospóin)
Cathaoirleach: Jonathan Mahon


Áth Cliath

Gluaiseacht an Phobail
Tráth na gCeist
'The Red Parrot' (teach tábhairne Uí Mheára)
Sráid Dorset, BÁC 1
Déardaoin, 10 Aibreán, 8 i.n.
€10 an cloigeann - duaiseanna le baint!


An Muileann gCearr

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
'Conradh Liospóin: bunreacht an AE faoi ainm eile'
Óstán Greville Arms, Sráid an Phiarsaigh, An Muileann gCearr
Déardaoin, 27 Márta, 8 i.n.
Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail
Frank Keoghan, rúnaí Ghluaiseacht an Phobail
Cathaoirleach: an Comhairleoir Betty Doran (Comhaontas Glas)


Áth Cliath

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
'Conradh Liospóin - cad is brí leis?'
Cumann Naomh Fionnbarra, Ascaill an Fhásaigh, an Chabrach
Dé Máirt, 18 Márta, 8:00 i.n.
Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail
Eoin Ó Broin, Sinn Féin
Ciaran Perry, oibrí comhphobail neamhspleách


Tulach Mhór

Cruinniú Poiblí
'Conradh Liospóin - bunreacht athbhaiste'
Tullamore Court Hotel, Bóthar Phort Laoise
Dé Máirt, 11 Márta, 8:00 p.m.
Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail
Frank Keoghan, rúnaí Ghluaiseacht an Phobail


Inis

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Óstán an West County, Inis
Déardaoin, 6 Márta, 8:00 p.m.
Patricia McKenna, cathaoirleach Ghluaiseacht an Phobail
Frank Keoghan, rúnaí Ghluaiseacht an Phobail
Cathaoirleach: David Russell


Áth Cliath

Díospóireacht Phoiblí
'Díospóireacht ar Chonradh Liospóin'
Coláiste na Tríonóide, Léachtlann Walton, Áras na nEalaíon
Dé Máirt, 26 Feabhra, 7:00 i.n.
Patricia McKenna, Gluaiseacht an Phobail
Martin Mansergh, Fianna Fáil


Gaillimh

Díospóireacht Phoiblí
'Ó Liospóin go Gaillimh cá bhfuil leas na hÉireann?'
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Dé Luain, 25 Feabhra, 8:00 i.n.
Patricia McKenna, Gluaiseacht an Phobail
Joe Higgins, Páirtí Sóisialach
Enda Kenny, Fine Gael
Michael D. Higgins, Páirtí an Lucht Oibre
An tAire Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil
Declan Ganley, Libertas


Áth Cliath

Young Fine Gael
Díospóireacht ar Chonradh Liospóin
Óstán Buswells, Sráid Theach Laighean, BÁC 2
Dé Máirt, 19 Feabhra, 7.30 i.n.
Finian McGrath TD, Gluaiseacht an Phobail
Patricia Mc Kenna, Gluaiseacht an Phobail
Lucinda Creighton TD, Fine Gael
Alan Dukes, iar-stiúrthóir, Institiúid Gnóthaí Eorpacha
Cathaoirleach: Brian Dobson


Corcaigh

Cruinniú Poiblí
Óstán Victoria, Sráid Phádraig, Corcaigh
Dé Sathairn, 16 Feabhra, 2.30 i.n.
'An Chúis in Aghaidh Bhunreacht an AE'
Councillor Mick Barry, an Páirtí Sóisialach
John Bowen, Páirtí na nOibrithe
Ger Cassidy, People before Profit
Cllr David Cullinane, Sinn Féin
Frank Keoghan, Gluaiseacht an Phobail
Patricia McKenna, Gluaiseacht an Phobail
Noel Murphy, Independent Workers' Union


Áth Cliath

CAEUC
Cruinniú Poiblí
Central Hotel, Sráid an Chiste, BÁC 2
Déardaoin, 7 Feabhra, 8.00 i.n.
An Feachtas i gCoinne Bhunreacht na hEorpa
Raquel Garrido (Páirtí Sóisialach na Fraince)
Jimmy Kelly (ATGWU-Unite)
Patricia McKenna (Gluaiseacht an Phobail)
Roger Cole (Comhaontas na Síochána is na Neodrachta)


Sligeach

Gluaiseacht an Phobail
Cruinniú Poiblí
Glasshouse Hotel, Droichead de hÍde, Sligeach
Déardaoin, 31 Eanáir, 8.30 i.n.
Fás Choimpléasc Míleata-Tionsclaíoch an AE
Patricia McKenna (iar-FPE de chuid an Chomhaontais Ghlais)
Bunreacht Athbhaiste an AE
Frank Keoghan (Gluaiseacht an Phobail)
Cathaoirleach: Declan Bree


Cuid den slua a bhí i láthair ag cruinniú a d'eagraigh Gluaiseacht an Phobail i Sligeach, an 31 Eanáir 2008.


Gaillimh

Comhaontas na Gaillimhe i gCoinne an Chogaidh
Cruinniú Poiblí
Tigh Richardson (thuas staighre)
Dé Máirt, 15th Eanáir, 8.30 i.n.
Fás Choimpléasc Míleata-Tionsclaíoch an AE
Patricia McKenna (iar-FPE de chuid an Chomhaontais Ghlais)
Bunreacht Athbhaiste an AE
Lave Broch (leas-uachtarán Chomhairle Síochána na Danmhairge, cathaoirleach Ghréasán na Liobrálaithe Sóisialta atá in amhras ar an AE, iar-eagraí ar Bhliain i gCoinne Chiníochais na Náisiún Aontaithe sa Danmhairg)


Patricia McKenna, Seosamh Ó Cuaig agus Lave Broch
i nGaillimh, 15 January 2008.


Sraith Léachtaí - BÁC


Lave Broch i mbun léachta, an 16 Eanáir 2008.

Tá sraith léachtaí á heagrú ag Gluaiseacht an Phobail faoin gcomhtheideal 'Gnéithe den Aontas Eorpach':

Dé Céadaoin, 14 Samhain 2007
Ag 7:30 i.n. i seomra 207, Halla na Saoirse, BÁC:
'Arm an Aontais Eorpaigh'
Cainteoir: Roger Cole (PANA)

Dé Máirt, 20 Samhain 2007
Ag 7:30 i.n. i seomra 207, Halla na Saoirse, BÁC:
'Treoracha an Aontais Eorpaigh agus a n-éifeacht ar cheardchumannaithe'.
Cainteoirí: Brian Denny, (stiúrthóir na heagraíochta Trade Unionists against the EU Constitution sa Bhreatain) agus Bob Crowe (rúnaí ginearálta an RMT, ceardchumann sa Bhreatain)
Cathaoirleach: Eamon Devoy (atá ainmnithe ina rúnaí ginearálta ar an TEEU, agus ball d'fheidhmeannas náisiúnta an ICTU)

Dé Céadaoin, 28 Samhain 2007
Ag 7:30 i.n. i seomra 207, Halla na Saoirse, BÁC:
'An tAontas Eorpach agus an nua-choilíneachas'
Cainteoir: Andy Storey (Centre for Development Studies, Coláiste na hOllscoile, BÁC)
Cathaoirleach: Joanna Flynn (Residents against Racism)

Dé Céadaoin, 9 Eanáir 2008
Ag 7:30 i.n. i seomra 207, Halla na Saoirse, BÁC:
'Forbairt choimpléacs míleata-tionsclaíoch an AE'
Cainteoir: Patricia McKenna (Comhaontas Glas, iarbhall de pharlaimint na hEorpa)
Cathaoirleach: Finian McGrath TD

Dé Céadaoin, 16 Eanáir 2008
Ag 7:30 i.n. i seomra 207, Halla na Saoirse, BÁC:
'Bunreacht Athbhaiste an Aontais Eorpaigh'
Cainteoir: Lave Broch (leas-uachtarán Chomhairle Síochána na Danmhairge, cathaoirleach Ghréasán na Liobrálaithe Sóisialta atá in amhras ar an AE, iar-eagraí ar Bhliain i gCoinne Chiníochais na Náisiún Aontaithe sa Danmhairg)
Cathaoirleach: Jimmy Nolan (uachtarán an Cheardchumainn Teicniúil, Innealltóireachta agus Leictreachais)


Ben Hayes i mbun léachta, an 23 Eanáir 2008.

Dé Céadaoin, 23 Eanáir 2008
Ag 7:30 i.n. i seomra 207, Halla na Saoirse, BÁC:
'Creimeadh na gCeart Sibhialta san Aontas Eorpach'
Cainteoir: Ben Hayes (Statewatch)
Cathaoirleach: Roger Cole (Comhaontas na Síochána is na Neodrachta)

Dé Céadaoin, 30 Eanáir 2008
Ag 7:30 i.n. i seomra 207, Halla na Saoirse, BÁC:
'Ionsaithe an AE ar an daonlathas sóisialta agus ar chórais dhaonlathacha na hEorpa'
Cainteoir: Barry Finnegan
Cathaoirleach: Joe Murray (Afri)



Ar son an fhlaithis, an daonlathais agus na córa sóisialta.